Tír Sáile
Ealaíontóirí
Michael BulfinRugadh i gContae Uíbh Fhailí é. Is eolaí agus ealaíontóir é a bhfuil saineolas ar chrainn agus ar fhoraoiseacht aige. Duine de bhunaitheoirí An project Arts Centre i mBaile Átha Cliath agus de Chumann Dhealbhóirí na hEireann is ea é. 'Deirbhile's Twist' is teideal dá shaothar atá déanta as cloch Fhaill Mhóir. Alan CounihanAs Baile Átha Cliath é. Caitheann sé cuid den bhliain sna Stáit Aontaithe agus an chuid eile in Eirinn. Is ealaíontóir féinoilte é Alan a bhfuil aitheantas forleathan aige de bharr a chuid saineolais ar obair chloiche. Is é teideal an tsaothair aige atá suite ar chiumhais na mara i dTír Sáile na 'Tearmann na Gaoithe' . Walter MichaelRugadh i Munich na Gearmáine é ach ta sé ina chónaí in Eirinn anois agus é ag obair anseo. Tá sé lonnaithe i gContae Mhaigh Eo agus tá cáil air mar gheall ar a shaothar ar ghloine daite. Tá a shaothar dealbhóireachta 'Caochain' suite i gCeathrú Thaidhg. Tony MurphyRugadh Tony i mBéal an Átha i gContae Mhaigh Eo. Bronnadh an gradam "mac léinn na bliana 1988" air san NCCA agus tá sé tar eis céim mháistreachta sa dealbhóireacht a bhaint amach ó shin san NCAD, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir. 'Court Henge' an teideal atá ar a shaothar agus tá sé lonnaithe i mBaile an Chaisil. Eilis O BaoilRugadh sa Nigéir í agus bhain sí céim mháistreachta sna míndána amach i 1991. Ta spéis faoi leith ag Eilis i gcúrsaí fuaime agus ceoil, rud a fheictear ina saothar 'Crainn na Gaoithe' atá lonnaithe i Muingelly. Marian O DonnellRugadh i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo í agus tá sise ar dhuine díobh siúd atá go mór laistiar de thionscadal Thír Sáile. 'Adhmháil' an teideal atá ar a saothar agus tá se lonnaithe ar Oileán Claggan. Katherine WestAlbanach is ea í a rugadh i nDún Eidean. Tá an saothar a chruthaigh Katherine don chonair lonnaithe ar an Mullach Rua agus 'Idir Dha Shaile' is teideal dó. Mariyo YagiSeapáineach í Mariyo a bhfuil a lán saothar dealbhóireachta tógtha aici ar fud an domhain. Téama a fheictear arís agus arís eile ina saothar is ea íomhá an rópa, íomhá a úsáideann sí mar shiombail den leanúnachas. Chruthaigh sí dhá shaothar don tionscadal, dar teideal 'An Pháirc Im-Chumarsáide' agus 'Macalla Nawascape'. Tá siad lonnaithe i gCill Ala agus i gCuan Lacken. Niall O'NeillRugadh Niall i mBaile Átha Cliath. Múineann sé dealbhóireacht i gColáiste Ealaíne agus Deartha Dhún Laoghaire. D'oibrigh Niall agus grúpa mac léinn go dlúth lena chéile ar laithreán eile sa tionscadal. Is é an teideal atá ar shaothar Néill féin na 'Caoire Sraite' agus tá sé sin le feiceáil ar fheirm cuartaíochta Bhéal an Átha Buí. Fritse RindAs an Danmhairg í áit a bhfuil aithne uirthi de bharr a nuashaothar as ábhar úrnua. 'Battling Forces' is teideal dá saothar a léiríonn troid na n-eilimintí sceirdiúla ar an gcósta lom agus ta sé suite ag Ceann Dhún Phádraig. Simon ThomasRugadh Simon sa Bhreatain Mhór áit a ndearna sé staidéar ar roinnt scoileanna mór le rá ealaíne agus deartha. Tá aithne air mar gheall ar a shaothar fíorálainn snoíodóireachta atá lonnaithe ar láithreán nádúrtha. 'Tonnta na Blianta' is teideal dá shaothar ar an gConair agus tá sé suite ag Cé Chill Choimín. George TrakasRugadh i Quebic Cheanada é agus tá cónaí air anois i Nua Eabhrac. Chaith sé tréimhse ag múineadh in Ollscoil Yale. Coincheap na cumarsáide a spreagann a shaothar atá le fáil in áiteanna éagsúla ar fud an domhain agus tá sé de cháil air go dtugann sé áit don ghnáthphobal ina shaothar. Is é an rud a chruthaigh sé do Thír Sáile na droichead coise dar teideal 'Athcheangailt' a théann trasna ar chanáil Bhéal an Mhuirthead. Comhthionscadal na Mac LéinnGrúpa mac léinn as meánscoil Chros Lacken agus grúpa eile as Coláiste Ealaíne agus Deartha Dhún Laoghaire a thug faoin tionscadal seo. Chabhraigh Niall O'Neill leo ina gcuid oibre. 'Slí na nOg' is teideal dó agus tá sé suite ag cros Lacken. |
|
For more information contact: |
|
|
Ann & Laurence Howard |
|
|
The North Mayo Sculpture Trail book is now avaialble. This 60 page book places each sculpture in context with notes on the location, artist, sculpture, history, flora and fauna. Contact 1claggan@eircom.net for further information and pricing for post and packing. |
![]() |
| Ealaíontóirí | Stair | Dealbhóireachta --> | A - E | F- J | K- O |











