Tír Sáile, The North Mayo Sculpture Trail

Is é a bhí i gceist leis seo ná ceithre cinn déag de shaothair dhealbhóireachta, gach ceann acu oiriúnach don láthair áirithe sin, a chur suas ar chósta thuaidh Mhaigh Eo. Chomh maith leis sin tá láithreán taispeántais ann ina gcuirtear saothar dhealbhóirí oinigh nó taispeántais shealadacha ar siúl. Is í Tír Sáile, Conair Dhealbhóireachta Thuaisceart Mhaigh Eo, an tionscadal poiblí ealaíne is mó a cuireadh ar bun riamh in Eirinn.


The North Mayo Sculpture Trail begins in Ballina and follows the coastal route through Killala, Ballycastle, Belderrig, Belmullet and down to Blacksod.

Site A

Peter Hynes Culleens National School, Ballina.

Site B

Mariyo Yagi, The Inter Communication Park, Killala Harbour

Site C

Simon Thomas, Tonnta na Blianta, Kilcummin Pier

Site D

Alan Counihan, Tearmon na Gaoithe, Palmerstown Bridge

Site E

Mariyo Yagi, The Echo of Nawascape, Lacken Bay.

Site F

Joint Student Project, Slí na nOg, Lacken Cross

Site G

Tony Murphy, Court Hence, Ballycastle Cottages

Site H

Fritse Rind, Battling Forces, Downpatrick Head

Site I

Eilis O'Baoil, Wind Trees, Muingelly

Site J

Walter Michael, Dun Caochain Head, Cathru Thaidhg

Site K

Niall O'Neill, Stratified Sheep, Ballinaboy Visitor Farm

Site L

Marian O'Donnell, Acknowledgement, Claggan Island

Site M

George Trakas, Reconnections, Belmullet Canal

Site N

Katherine West, Idir dha Sháile, Mullachroe

Site O

Michael Bulfin, Deirble's Twist, Fallmore

Stair

Tháinig an bunsmaoineamh don Chonair Dhealbhóireachta ón laithrean neoiliotach is mó ar domhan a dtángthas air ag an gCéideadh i dTuaisceart Mhaigh Eo. Cuireadh na saothair ina n-áit do fhéile Maigh Eo 5000, ceiliúradh bliana ar áitreabhóirí Mhaigh Eo a dtéann a rian ar dhúiche Mhaigh Eo siar 5000 bliain. Ar bhealach, cúlra iontach dá leithéid de thionscadal is ea Tuaisceart Mhaigh Eo. Tagann an oidhreacht chultúrtha agus áilleacht nádúrtha na tíre le chéile chun ionspioráid a thabhairt do na healaíontóirí i gcruthú a saothair. Is amhlaidh atá na saothair seo tar éis cur leis na suímh ina bhfuil siad seachas baint uathu.

Rinneadh an obair ar an láithreán le linn siompóisiam dealbhóireachta a mhair trí seachtaine i 1993.

Meitheal

Is é an modh oibre a úsáideadh ná an mheitheal, rud a bhí an-oiriúnach do nádúr na dealbhóireachta agus do cheantar Mhaigh Eo Thuaidh. Is é atá i gceist leis an meitheal go dtagann grúpa oibrithe le chéile chun aidhm chomónta a bhaint amach. Bhí dearcadh na meithle le brath ar gach gné den siompóisiam, ar ionchur phobal an cheantair, ar bhronnadh poiblí agus príobhaideach na láithreán agus ar an mbealach inar cuireadh lóistín ar fáil agus fáilte roimh na cuairteoirí. Chabhraigh suim an phobail i gcoitinne sa mhéid a bhí ag tarlú ina gceantar féin ceangal idir daoine agus áiteanna, tuiscint níos mó ar a bhféiniúlacht agus ar fhorbairt a n-oidhreacht chultúrtha Saibhriú na Timpeallachta Tá an ceantar seo go mór i mbéal an phobail ó thosaigh an Chonair Dhealbhóireachta. Tá gach seans ann forbairt a dhéanamh ar an gceantar álainn gan mhilleadh seo a bhfuil saibhreas oidhreachta agus cultúir ag baint leis. Lena chois sin tá Lárionad Mínithe an Chéididh in aice láimhe. Ba é an tIonad seo a chur dlús leis an bhfiontar.

Ba den riachtanas é san fhiontar ealaíne seo comhábhair nádúrtha a bhí oiriúnach dá dtimpeallacht a úsáid. Rinneadh iniúchadh ar roinnt mhaith láithreán agus ar fhéidearthachtaí difriúla ar chósta creagach Thuaisceart Mhaigh Eo. Bhí idir choiréil a bhí as úsáid, pháirceanna beaga, dhumhchanna, thalamh clochach agus thalamh feirmeoireachta i measc na láithreán. D'éirigh leis na healaíontóirí adihm bhunúsach Thír Sáile a bhaint amach trí imoibriú leis an timpeallacht nádúrtha, trína samhlaíocht agus tríd an saothar fisiciúil a rinne siad. Is í an aidhm sin - an t-am atá caite a cheiliúradh, sásamh a bhaint as an lá inniu agus fáilte a chur roimh an todhchaí.

Dealbhóireacht 5000

Seo meascán de ghrúpaí pobail agus de dhaoine as áisínteachtaí rialtais chomh maith le daoine eile a bhfuil spéis acu sa tionscadal. Rinneadh forbairt ar thionscadal Thír Sáile mar gheall ar iarrachtaí an ghrúpa seo.

Other Things You Might Like